Siúd mé
Aniar ón dTráigh seo
I
Siúd mé aniar ó’n dtráigh seo i n-iarthar
chrích an Chláir,
Ag triall ort-sa a ráib na féile :
An sagart riaghalta sámh, an t-Athair saonta Seán,
An fladh ceart de chnámh-shíol Aodha ghil.
II
Míneochad dó mo chás mar táim i bhfad i bpráinn,
Gan faoisdin Cásg’ a dhéanamh,
Mar gheall ar bheith im’ stráic ‘blaiseadh dighe go
gábhach
‘S nach áil leis an riaghal’ chéirde.
III
‘Sé an sagart séimh gan mheang ‘bhfuil tuile
daonacht ann,
Thug an fhéile fonn is tréithe ;
Go dtáinig go faon ar réic bhocht go bladhmannach ag téarnamh
Ar ghann-thíomtha Satan.
IV
Is cíocrach mé ar aibhdheann do dhéanfadh suilt ‘s
greann,
‘S do léighfeadh stair as leabhra ;
Is fíor, do thuit mo chrann-sa, léithe ar fad im’
cheann,
Do réighfeadh punch ‘s lionn-deoch.
V
A Athair dhil mo chroidhe de shleachtaibh Éibhir Fhinn,
Do shíolraigh ó chlainn Mhilésius,
Créad do dhéanfair linn nó an ngabhair mé
d’líon,
Nó an cuibhe leat mé choidhche d’éisteacht
?
VI
Féach mar shéan fó trí Peadar pearsa Chríost,
Gur glacadh é ‘rís sa naomh-bhrog ;
Dá bhrigh sin caithfead síos mé féin le neart
aithrighe
Id’ fhiadhnaise ó chroidhe shléachtaigh.
VII
A stór ghil na rún, beannaigh mise ar dtúis,
‘S fíoghar na Croise fuíg ar m’éadan
;
Admhuighim duit a Dhia ‘s do Mhuire naomhtha id’ dhiaidh,
‘S do Mhicheál, árd-aingeal éachtach—
VIII
Do Pheadar is do Phól, na hApstoil agus Eoin,
‘Gus na naoimh eile leo d’aondul,
Gur pheacaidh mé im’ smaointe, im’ bhréithre
‘s im’ ghníomhartha
Fó thrí ós comhair gach éinne.
|