Clare County Library
Clare History
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | Search this Website | Copyright Notice

Ordnance Survey Letters by John O'Donovan and Eugene Curry, 1839

Parish of Feakle (c)

This lake is celebrated by Brian Merryman (or Mac Manaman) in his facetious poem called Cúirt A’ Meodhan-Oídhche, i.e., The Midnight Court, which is very well worthy of preservation as the production of a native of this very wild and sequestered district. The autograph original is in the possession of his relative, Anthony Howard (O’Hiomhair) who lives near Milltown Malbay in this County. There are many old men still living who were intimately acquainted with Brian, but I could learn no particulars about his life worth recording but that he was a stout black haired man, who held a small farm near Loch Gréine and kept a hedge school, of both which he made some money, but fearing that two handsome daughters he had might be abducted from him for the sake of their little fortunes, he removed to Limerick, where he followed his old trade of teaching and where he died about thirty years ago. Of his other pieces, if he wrote any, only two have come to our hands; the one is the complaint of the Echo to Brian of an old woman who was always scolding, and the other on some adventures of his during a fit of drunkeness. I shall here give some specimens of his powers of describing scenic beauties, and of his satire and facetiousness. The scene is laid on the banks of the River Bunshune, which flows out of Loch Greine:-

(Copy in my possession, from which these extracts have been supplied. - E. Curry).

Ba ghnáth mé ag siubhal le ciúmhais na h-abhann
Air Bháinsig úir ‘sa drúcht go trom
Anaice na gcoillteadh a gcoim am tsléibh
Gan mhairg, gan mhoill, air shoillse an lae.

Do ghleadh mo chroidhe trá chidhinn Loch Gréine
An talamh ‘sa tír a’s aoidhear na spéire
Ba taithneamhach aoibhinn suídheamh na sléibhte
A’ bagáirt a gcínn tar dhruim a céile.

Do ghealfadh an cro idhe bheidheach críon le ciantaibh
Caithe gán bhrig h nó líonta a bpiantaibh
Nó an séithleach searbh gan sealbh gan saidhbreas
D’ féachfadh tamall air bharraibh na gcoillteadh.

Air lachain ‘na sguanta air chuáin gan cheó
An eala air a bhfuaid ‘s í gluaiseacht leó
Na h-éisg le meidhir ag eirighe anáirde
Péirse am radharc go taidhbhreach tárr-bhreac.

Dath an locha agus gorm na dtonn
A’ teacht go tolagach, torannach trom,
Bhíodh eánla a gcroinn go meadhrach, módhmhuil
Léimreach eilte a gcoillte am chomghar
Géimreach adharc a’s radharc air shlóighte
Trén-rith gadhar a’s Reinard rómpa.

Air maidin ané bhí an spéir gan cheó
Bí Cancer o’n nGréin na caoraibh teó
Í gabhtha chum saothair d’ éis na h-óidhche
A’s obair an laé sin réimpe sínte.

Bhí duileabhar craobh air ghéaga an thímchioll
Fiorthann a’s féar ‘na slaodaibh taobh liom
Glasra fáis a’s blath a’s luibh’na.
Sgaipfeadh chúm fághan d’á cráidhteacht smaoínte.

Bídheas-sa cortha ‘sa codhla dam’ thraochadh
Shíneas thoram air chomhrom an tsléibhe
An aice na gcrann a dteannta an trínse
Taca le m’ cheann ‘s mo h-annlaidhe sínte.

Air cheangal mo shúl go dlúth d’á chéile
Greamuighthe dúnta a ndubh-ghlas néalta
A’s m’ aghaidh ‘gam foilighthe ó chuilibh go shásta
A dtaidhbhreamh d’ fuiling mé an cuilighthe cráidhte.

A choruig go lom, do pholl go h-aéibh mé
Am chodladh go trom gan mheabhair, gan éirim;
Níor bhfada mo shuan trá chuadhlas, shaoil mé
An talamh máccuáird ag luasgadh an thímchioll
Anafa a dtuaigh a’s fuadach fíochmhar
A’s calaidhthe an chuain ag tuargaint teínte.

Siolla dom shúil dár shamhluígheas uaim
Do chonairceas chúagham le ciúmais an chuain
An mhásach bholgach, tholgach, thaidhbhseach
Chnámhach, cholgach, goirgeach, ghoidhdeach
A haérde ceart, má mheas mé díreach,
Sé no seacht do shlata a’s fuíghlach.

Ba mhuar an t-éacht gan bhréig duit féachain
Suas ‘na héadan creachtach, créimeach
Dob’ anafa a gceanntar a’s sgannra saoghalta
A draid ‘sa drandal manntach méirsgreach.

A righ gach magh ! ba láidir, líomhtha
A bíoma láimhe a’s lan staf innte
Comhartha práis ‘na bhárr air spíce
A’s comhachta báile a n-áirde air sgríobhtha.

A dubhairt go doiriceach d’focalaibh dána,
Músgail, corruig, a chodlataig ghránna
Is dúbhach do shlíghe bheith sínte ad’ shliasta
‘s an chúirt na suidhe ‘sna mílte a triall ann.

Ní cúirt gan acht, gan reacht, gan riaghuil í
Na cúirt na gcleas már chleachtais riamh í
An chúirt seo ghluais ó shluaightibh séimhe
Cúirt na dtruagh na mbuadh ‘s na mbéithe.

Is muar le maoidheamh air shíolrach Éibhir
A n-uaisle sídh mar shuídhear d’aon-ghuth
Dá lá ‘sdá oídhche air bhinn an tsléibhe
A bpálás aoibhinn Bhuidhin’ Mhoighe Gréine.

Is dáingean do ghoill sé air shoillse an rígh
‘s air mhaithibh an deaglaigh taidhbhsigh sídh
‘s air uimhir na buídhne bhí na ndáil
Mar d’imthig gach dith air chríochaibh Fáil
Gan sealbh, gan saoirse ag siolrach seanda
Ceannas a ndligh, na ciós, na ceann-phuirt;
Sgriosadh an tír, ‘s ní l’ ‘na ndiaigh aguinn
A n-ionadh na luíbheann acht flíodhach a’s fiadhaile,
An uaisle b’ feárr chum fághain mar leigheadar
A’s uachtar lámh ag féslaig shaidhbhre.
Fealladh le fonn a’s foghail le féacaint
Donadh na lebhar is lom d’á léirscrios
Is duilbhir dúbhach ar nduth fa dhaoirse
Doilbthe dúir a ndlúith-cheilt dlighthe
Is follamh ‘s is tráighte fágbhadh tíorta
An cogadh ‘s a bás gach lá dhá ndíothchur
Uabhar na righthe ‘s ar imthig tar sáile
An uair ná diongnann sibh tuile ‘na n-áit díobh
Is nar bhur n-iomad gan sioraig gan síolrach
A’s mna ‘na murar air muir a’s air tíortha
Connsaig corpardha a’s borracaig óga
Is bonnsaig brothal’ cha fola agus feóla
Lóistig liosda agus ligthig shásta
A’s mhordaigh shiosguighthe d’imthig a bhásta.
Is truagh gan toircheas tollairidhe ‘an tsórt so.
Is truagh gan toircheas brolaigh a’s bóta iad
Is minic iad ullamh an focal da bhfaighdís
A tuitim d’a mogail, a’s molaim-se a bhfoighne!
Sé cinneadh le saoithe a gcrích na comhairle
A n-ionad na daoirse a hinnseadh doibhsean
Duine do’n (de’n) bhuidhin seo líonta a gcómhachta
Air thuitim an dísle, thoigheacht go Fódhla.
Ar ríoghain Aoibheal, croidhe gan chlaon chleas
Caradh na Muimhneach, sídh-bhean Leith-chraig
Sgaras le saoithe sídh na sluagh so [Mhumain)
A’s fanas a sgaoileadh daoirse a dTuain-seo (. i .Tuadh
Do gheall an mhíonla mhín-tais mhodhail seo
Fallsacht dlighe do chloidhe go cómhachtach
Seasamh a dteannta fann a’s fághan lag
A’s caithfig an teann bheith ceannsa tláith leo
Caithfig an neart do’n cheart so stríocadh
A’s caithfigh an ceart na cheart bheith suighte.
Geallaim se anois nach clis ná comhachta
Caradas Mis ná Pimp ná comhalta
Do shiubhalfas tre’s an dlighe marb’ ghnáthach
‘ San chúirt ‘na suídhfidh an síolrach neámhdha.
Ta an chuirt seo seasmach feasta’ fa bhFiacail
Siúbhail se freagair í caithfidh tú triall ann
Siúbhail go tapa, gan tafann air do phriacail
Siubhail, no stracfad ‘s na lathaig ann dhiaig tú.
Do bhuail sí crúca an chul’ sám chába
‘ S do gluais chúm siubhail go lúbach láidir
Do sgiob lé síos mé trés na gleanntaibh
Tar cnoc Bháin Bhuidhe ‘s go binn a teampuill.

 

Previous

Main

Next