Clare County Library
Clare Literature
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | OS Maps | Search this Website | Copyright Notice

Caoine ar Bhás Sheáin de hÓra

(Séamus Mac Consaidín do chum.)

I
Is é do bhás a Hóraigh ghreannmhair
D’fhúig atuirseach na táinte id’ dhéidh,
Gan ráidhthe spóirt ná uaisle suilt,
Mar chleachtadar gach tráth id’ réim ;
Níl fagháil ar sgéal ná ar aiste againn,
Is anbhfainneach lucht dánta is dréacht,
Tré thásc mo leoghain is eagal dúinn
Gur chailleamar an Dáimh go léir.

II
Is ádhbhar bróin is mearbhail,
‘Nár bhfearannaibh ‘dir tuaith ‘s cléir,
‘S gártha gleo le rachta guil,
‘S stracadh fuilt le buaidhreamh saobh ;
An sáir-fhear spóirt ba cheannasach,
Ag freastal suilt i dTuamhain aeird,
Go tláth i gcomhrainn ceangailte,
Gur leagamar go fuar i gcré.

III
Sin árd-shliocht Fódla seachmhallach
Ar dhearmad cár shíolruigh a gcréim,
‘S táin de phór na Breataine
‘Na mbailte puirt go fíor i bpréimh ;
Gan bláth na neolach gceannasach
Go hacmhuinneach ag innsint scéil,
Is an fáth ar seoladh galla-phuic
I bhfearantas na saoithe Gaedheal.

IV
Cé thárla an Hórach seasamhach
I n-aigeantacht ‘s i dtabharthas tréan,
‘S i gclár na gcóda seanachais
Gur bhreathnuigh mar do phlannda Gaedhil ;
Ar thairbhe ná ar thabharthas chlaon,
‘S níor thárthuigh stór ná taisce ar bith,
An cheachaireacht níor shanntuigh sé.

V
Ar chlár an óil go racmhallach
Ag spreagadh suilt do bhíodh na laoch
De ghnáth le sport ag radaireacht,
Is gasra de shíor ‘na dhéidh ;
Níor árduigh gleo ná achrann
Le hainbhfios ná coimheasgar sgléip,
Is ba ghrádhmhar córach leanabhach
I gcaidreamh go críoch a shaoghail.

VI
Do cháil, a Sheáin, níor chealgach,
Ba charthannach do chroidhe gan mheang ;
An t-álmhach direoil níor thaithneamh leat
Is ar dhanaireacht ní bhíodh do ghreann ;
Má’s fearrde an ród go Parrthas
Ó bheartaibh uilc bheith síoch gach am,
Atá mo dhóth’ id’ anam-sa
Gan achrann go sgaoilfear ann.

VII
Is daor an slad le héigean chreach,
An taobh do chleacht an sáirfhear grin
Do shaothruigh meas gan chlaon gan chelas
I gcéin ‘s i ngar, i gcáil ‘s i ngníomh ;
Gáire is gean na mbé gan snas
Le héigean searc dod’ ráidhte grinn,
An t-éag do leag go faon gan phreab,
Gan teacht ar ais go bráth arís.

VIII
Is dealbh sinn-ne feasta anois
I mbaille-chrith go faon gan teann,
Ó scaradh linn le feartaibh nimhe
Fear na bhfriotal soar gan mheang ;
Dalta geal gan easbaidh ar bith,
‘Fuair lachta cnis na naoi mban seang,
Bheith ceangailte faoi gharbh-lic,
D’fhág aicme suilt mar mé gan ghreann.

IX
Ó scaradh linn ár seanach suilt,
D’fhág ceannaphuirt ár nÉigse fann,
‘S go meastar linn le heasbaidh an fhir
Gur chailleamar gan bhréag ár dteann ;
Aitcheam uile ar Dhalta Mhuire,
An Mac a d’fhulaing céasadh ar chrann,
A anam sin do thabhairt soar
Ó pheaca ar bith go tréad na rann.

Dánta Sheáin de hÓra