Clare County Library
Clare Literature
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | OS Maps | Search this Website | Copyright Notice

Caoine ar Bhás Sheáin de hÓra

(Séamus Mac Consaidín do chum.)

I
Tásc dearbhtha gur chailleamar an Hórach grinn
D’fhág atuirseach ar mearbhall go brónach sinn ;
An fáidh aigeanta ba chabharthach is ba chórach caoin
Ar dáil tagartha chun ranna suilt is spórt sa’ tír.

II
A thír Thuadhmhumhain, is uaigneach ‘s is dealbh atáir
Ar díth suaircis gan suaimhneas mar chleachtais de ghnáth ;
Is díol truaighe thú ‘s do chuallacht dá gcreacadh gach lá,
‘Sgan puinn d’uaisle na suadha go gairid le fagháil.

III
Níl fagháil ar aiste againn feasta ná ar laoithe suairc,
Is fánach eadrainn é ceannphort saoi na suadha ;
Táim ró-eaglach gur mheathadar san tír, monuar,
Mo Sheán, mo dheacair, ó leagadh gan bhrígh san uaig.

IV
I n-uaig fó liag sínte i ndaingean chumhdaigh
Tá an suairc-fhear grinn ba líomhtha d’aistí subhchais,
Ba shuaimhneach síoch i ngníomh ‘s i mbeartaibh ionnraic,
Ó chluanta an tsaoighil gur scinn fé bhearta an Dúilimh.

V
A Dhúilimh, aitchim ort, freagair mo ghuidhe go buan,
Mo ghlúine feacam ag agall id’ líon gan chluain ;
Gnúis an anama sgaradh lem’ saoi gan ghruaim,
I gcúirt na n-aingeal go nglacair de shíor ar cuaird.

Dánta Sheáin de hÓra