Clare County Library
Book Promotions
Home | Search Library Catalogue | Foto: Clare Photo Collection | Search this Website | Copyright Notice

Blúirín Gaeilge
Leabhair do Dhaoine Fásta

Tá sé mar chuspóir ag Leabharlann Chontae an Chláir nós na léitheoireachta a chur chun cinn go díograiseach le rochtain agus eolas ábhar a mhéadú trí chur cun cinn na leabhar. Tá an cur chun cinn seo á sheoladh, tionscnamh idir Oifig na Gaeilge sa Chomhairle Contae agus Leabharlann Chontae an Chláir, chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh.

Tá rogha leabhar ann a mheastar gur leabhair chlasaiceacha de chuid na Gaeilge iad. In 1999, bhí cur chun cinn ag Leabharlann Chontae an Chláir darbh ainm “Clasaicigh Ghaeilge: Aistriúchán Litríocht na Gaeilge ” ina bhfuil leabhair chlasaiceacha na Gaeilge a haistríodh go Béarla. Bhi léirmheasanna ar gach aon leabhar a roghnaíodh , scriofa ag leabharlannaí ar fud na tíre, sa chur chun cinn seo a thaitin go mór lenár léitheoirí. Sa chur chun cinn seo, tá rogha na leabhar sin sa teanga inar scríobhadh ar dtús iad, mar aon leis na léirmheasanna atá aistrithe go Gaeilge.

Tá súil againn go spreagfaidh an rogha seo ár léitheoirí chun tuilleadh iniúchadh a dhéanamh ar an rogha leathan leabhair na Gaeilge atá ar fáil i Leabharlann Chontae an Chláir.

Blúirín Gaeilge: Leabhair do Dhaoine Fásta
Back to Book Promotions