Clare County Library | Book
Promotions |
Blúirín
Gaeilge Tá na leabhair atá roghnaithe don chur chun cinn seo ionadaíoch den rogha atá ar fáil do gach aois ó na leanaí go na déagóirí, agus é ag fás an t-am ar fad. San áireamh sna leabhair do na páistí an-óg, tá leabhair cosúil le “Gearóidín Gabhar” le Maolíosa Ní Chléirigh, a chabhraíonn le stórfhocal an pháiste a mhéadú, agus a sholáthraionn a lán deiseanna don pháiste a bheith páirteach. Tá méadú mór ar an líon leabhar atá foilsithe ag O’Brien Press, nó An Gúm sna blianta deireanacha seo agus soláthraíonn sé sin rogha níos mó d’ábhair fheiliúnacha do na tosaitheoirí. Tugann teidil cosúil le “Céard atá sa Bhosca” le hÁine Ní Ghlinn, an meascán ceart idir téacs agus pictúir do pháistí seacht nó ocht mbliana d’aois, chun a gcuid suime a spreagadh i léamh leabhair na Gaeilge. Do na léitheoirí níos sine, tá úrscéalta beo agus seanscéalta atá léirithe mar úrscéalta ar fáil, mar shampla “An Sclábhaí” nó “An Teachtaire” le Colmán Ó Raghallaigh. Tá bailiúchán na ndéagóirí ag athrú riamh agus choíche, le leabhair nua ó údair cosúil le Ré Ó Laighléis nó Alan Titley, an t-údar a bhuaigh duais Bisto. |
![]() |
![]() |
|
Tré chur chun cinn an bhailiúcháin seo, tá súil ag Leabharlann Chontae an Chláir tuismitheoirí agus múinteoirí a chur i dtreo na n-údar agus na dteideal atá mar shampla de na leabhair atá ar fáil inár dteanga dhúchais do pháistí de gach aois.
|
|||
Back to Book Promotions |