|
Teenage
Book of the Month
Fáinne Fí Fífí
by Meadhbh Ní Eadhra
Foilsithe ag Móinín, 2008
Nuair a fhágann Fiona Béal Feiriste le dul chun na hEilbhéise
tá neart eachtraí roimpi – cuid acu a bhfuil sí
ag súil leo, cuid eile nach bhfuil súil da laghad aici leo.
Cuirtear bainis a cara, Sabine, go cúl a cinn nuair a bhuaileann
sí le Johann, an tEilbhéiseach dathúil. Ní
leor bogha amháin a bheith ag Cupid chun a bhfuil de shaigheada
an ghrá le scaoileadh sa chás seo. Ach cén mhistéir
mhór chasta í seo a bhaineann le Roberto, an hunk Laidineach
ón Iodáil atá gealta le Sabine? Céard é
an bunús le hamhras an Éireannaigh óig i dtaobh an
fhir Iodálaigh chéanna?
Tá cónaí ar Mheadhbh Ní Eadhra
sa Spidéal, Co. na Gaillimhe. Tá na healaíona á
stadéir aici in Ollscoil na hEireann, Gaillimh. Is iriseoir i leis
na nuachtáin, Foinse agus Lá Nua.
Bronnadh duais Oireachtais ar leagan de Fáinne Fí Fífí
i 2006
Beidh Meadhbh ag tabhairt cuairt ar leabharlannaí
Co. an Chlair le linn Seachtain na Gaeilge, 2 – 17 Márta
2009. |