Clare County Library | Clare
History |
Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chaoi le Pádraig Ó Riain |
Lámhscríbhinn 1 19ú haois (?). Páipéar. 8 7/12” X 7 1/6”.
64 lch.; 69-188. Gearradh an t-uimhriú chun siúil ar roinnt
leathanach agus is deacair é a dhéanamh amach ar leathanaigh
eile. De réir an uimhrithe tá 1-68; 71-98; 119-128; 131-134;
137-144; 163-166; 169-170; 189 ff. ar lár. Smut de bhileog 117-8
ar iarraidh agus imill sractha ar a lán leathanach. Ní
luann an scríobhaí a ainm agus baineann an colafan ar
lch. 114 i leis an mbuntéacs. Ar lch. [145] scríobh lámh
dhéanach “Dela Cala book” (?) le peann luaidhe agus
tá leabharmharc ar a bhfuil “Superfine London Goggins Paper
Warehouse Limerick” le déanamh amach. 69. [BEATHA CHRÍOST]. Tosach ar iarraidh. Tos. Sin chum Píoláid arís é, ag a chasaoidh agas ag a aithisiughadh do shíor, agas do thogair Píoláid a léigean amach (C. Ó Maonaigh, Smaointe Beatha Chríost, l. 3793). Briseann an téacs ar lch. 70 i (C. Ó Maonaigh, loc. cit. l. 3899) agus tosaíonn arís ar lch. 99 (C. Ó Maonaigh, loc. cit. l. 5356). Leanann colafan ar lch. 114 i: “… Foirchionn Tomás Gruamdha Ó Bruachainn .i. Canánach Coradh a cCile Eala is e do chuir an leabhar so a nGaoidhilg: agas Domhnall Ó Conuill do ghabh agas Diarmaid Ó Connaill do sgriobh innso é, agas tabhradh gach aon leighfeas an leabharso a bheannact agus a phaidir arna hanmanaibhso. AT 1461 Finit”. 115. BROLACH AN CHÉIDLEABHAIR DO BHEATHAIDH NA HOIGHE MUIRE NAOIMHE. An cheidleabhar de. Tos. Is ionnso tionscantar brolach an cheid leabhar de bheathaidh na hOighe Rochonádhaighe, Muire. Leanann an chéad leabhar ar lch. 116. Tá mórchuid bearnaí sa téacs mar a bhfuil leathanaigh ar iarraidh (féach thuas). |